Lá Barr Buí

Tagann an Barr Buí le lá gréine Aibreáin isteach sna coillte grianmhara, le taobh na bhfálta sceacha, bóithríní a ritheann trí thalamh feirme, gnáthóga foscúla fliucha agus fiú gairdíní fiáine móra.

Bíonn an Barr Buí fireannach gníomhach an chuid is mó den lá fad is a bhíonn an ghrian ag taitneamh. Eitlíonn sé go minic feadh imill na gnáthóige agus é ag cuardach baineannaigh. Is féileacán álainn so-aitheanta é, le sciatháin bhána a bhfuil barra oráiste orthu. Tá an baineannach bán le barra dubha ar a sciatháin agus is fusa í a mheascadh suas leis an mBánóg Bheag agus leis an mBanóg Uaine. Tá íochtair na ngnéasanna cosúil le chéile, agus patrún deas le dath an chaonaigh orthu a gcabhraíonn leis an bhféileacán meascadh leis an bpeirsil bhó nuair a théann sé ar an bhfara um thráthnóna nó le linn drochaimsire.

Eitlíonn an fireannach anonn agus anall os cionn cheantar ag seiceáil aon rud a bhfuil cuma bhaineannaigh air. Taitníonn le go leor breathnóirí bheith ag faire ar an bhféileacán, ach bíonn sé deacair grianghraf ó tharla go bhfuil an fireannach an-mhíshocair. Ní chothaíonn na fireannaigh go minic, ach nuair a stadann sé le haghaidh deoch ag peasair fhiáin nó biolar gréagáin, ní chaitheann sé ach tamall beag ann.

Ní bhíonn an baineannach a oiread céanna gníomhaí ar chor ar bith, agus chomh luath agus a chúplálann sí, caitheann sí cuid mhaith dá cuid ama i bhfolach ó fhireannaigh. Is crá croí iad fireannaigh do bhaineannaigh a chúpláil cheana féin mar téann siad sa tóir ar bhaineannaigh atá ag iarraidh cothú agus a gcuid uibheacha a bhreith ar a suaimhneas.

Tá bealach ann do bhaineannaigh na fireannaigh a sheachaint, áfach. Téann na fireannaigh ar an bhfara níos luaithe sa lá ná na baineannaigh, chomh luaithe lena ceathair a chlog.

Bíonn an baineannach níos gníomhaí um thráthnóna. Lorgann an baineannach biolar gréagáin chun a huibheacha a bhreith ann. Toisc gur máthair mhaith í, déanann sí cinnte gan ach ubh amháin a bhreith ar bhláth an phlanda ionas go mbeidh go leor bia ag a hóga.

Seachnaíonn sí ubh a bhreith ar bhia planda a bhfuil ubh air cheana féin. Déanann sí é seo toisc go n-íosfaidh an bolb óg ubh nó bolb níos lú má thagann sé air.

Déanaigí cinnte go gcuardaíonn sibh bóithríní grianmhara duilleacha cosúil leis an gceann sa ghrianghraf; is cinnte go bhfeicfidh sibh é!

Barr Buí. Ghriangraf J.Harding
Barr Buí  ar Tursarraing bheag. Grianghraf J.Harding
Barr Buí Ghriangraf J.Harding
Bóithrín i Maol Hosae, Contae na Mí.